'Sunrise Social' - imeacht sóisialta ag éirí na gréine

Tá imeacht nua do mhuintir an chósta thuaidh agus níos faide i gcéin i ndiaidh titim amach darb ainm ‘Sunrise Social’. Chuaigh Meon Eile i dteagmháil le roinnt daoine a ghlac páirt ann maidin Dé Sathairn chun níos mó a fháil amach faoin ócáid speisiúil seo.

Is é atá i gceist leis an ‘Sunrise Social’ ná go gcruinníonn daoine le chéile ar thránna éagsúla uair sa tseachtain le hamharc ar éirí na gréine le chéile. Ina dhiaidh sin, bíonn cupán tae nó caifé acu i gcuideachta a chéile.

Chuir Caroline McKenna tús leis an imeacht seo do mhuintir na hÉireann a raibh cónaí orthu san Astráil agus, de réir a chéile, thosaigh muintir na hÉireann sa bhaile á eagrú fosta.

Dar le daoine a ghlacann páirt san imeacht seo gur bealach iontach é chun bualadh le cairde nua agus go bhfuil sé go maith don mheabharshláinte chomh maith.

Ar an drochuair ní raibh aon éirí na gréine le feiceáil maidin Dé Sathairn ach bhí an comhluadar agus cairdeas go fóill le brath ann.

Is féidir tuilleadh eolais a fháil faoi ‘Sunrise Social’ ar a leathanach Instagram: @sunrisesocialnorthcoast.

Close
Close