'Suaimhneas' - Dealbh chuimhneacháin úr i nGaoth Dobhair

Tháinig muintir Ghaoth Dobhair le chéile ar na mallaibh chun dealbh chuimhneacháin a chur in áit in ómós do mhuintir na háite a fuair bás go hóg.

'Suaimhneas' an t-ainm atá ar an dealbh a chruthaigh an dealbhóir, John McCarron. Labhair Meon Eile le Máire Uí Chomhaill ó Ionad Naomh Pádraig Dobhair faoin tógra pobail speisialta seo.

D'inis Máire dúinn faoin dóigh ar tháinig an smaoineamh chun cinn agus faoin bhall choiste, Máirín, a chaill a mac cúpla bliain ó shin. Bhí siad ag iarraidh áit shuaimhneach a chruthú do thuismitheoirí agus daoine eile le machnamh a dhéanamh ar bhás a muintire.

Fuair cara de chuid an dealbhóra féin, John, bás fosta agus shíl Máire go raibh sé fóirstineach gur thug John faoin togra. Tá an dealbh suite i bPáirc an Phobail i nGaoth Dobhair. Tá tuilleadh oibre le déanamh ar an láthair go fóill ach cheana féin is áit ghalánta speisialta í do mhuintir na háite agus beidh sí in úsáid do na blianta amach romhainn.

Close
Close