Spórtlann na hÉireann

‘Spórtlann na hÉireann’ is teideal don ionad spóirt nua ag Coláiste Feirste, a seoladh ar na mallaibh.

Is mol ilúsáide é don spórt, don oideachas agus don chultúr a chuirfidh borradh breise faoi chúrsaí sa Cheathrú Ghaeltachta in Iarthar Bhéal Feirste.

Is é seo an chéad ionad dá chineál i mBéal Feirste, agus istigh san fhoirgneamh nua tá treallamh ardchaighdeáin, dhá chúirt liathróid lámha, giomnáisiam, seomraí feistis agus seomra ranga chomh maith le dhá pháirc peile taobh istigh agus taobh amuigh.

Idir 9rn agus 4.30in beidh an spórtlann ar fáil don scoil amháin agus ansin beidh sí oscailte don phobal ó 5in go dtí 10in.

Bhí Meon Eile i láthair ag seoladh na Spórtlainne, áit ar labhair muid le bainisteoir an ionaid nua Aisling Reilly, Jake Mac Seacais ó Forbairt Feirste, gobharnóir Choláiste Feirste Pilib Ó Ruanaidh agus Mary Lou McDonald, Uachtarán Shinn Féin.

Breis eolais faoin Spórtlann anseo:

https://www.facebook.com/sportlann1/

Close
Close