Bhailligh slua le chéile i gCultúrlann McAdam Ó Fiaich, Béal Feirste, ar na mallaibh chun Slí na Gaeltachta agus Bang Mór na Gaeilge a sheoladh agus a cheiliúradh.
Is conair threoraithe 2.5 míle é Slí na Gaeltachta ar a bhfuil 26 stad suime agus a théann ó Bhóthar na Carraige go lár Bhéal Feirste. Déanann Slí na Gaeltachta ceiliúradh ar stair na Gaeilge i mBéal Feirste ón 19ú haois ar aghaidh. Le cur leis an eispéireas siúlóide, beidh cód QR in aice le gach comhartha a chuirfidh eolas fuaime ar fáil i nGaeilge agus i mBéarla.
Is tógra é Bang Mór na Gaeilge a seoladh an lá céanna fosta. Is é an aidhm atá leis ná eispéireas Ghaeltacht Bhéal Feirste a chur i gcroílár chuairt na ndaoine a bheidh ag freastal ar Oireachtas na Gaeilge 2025.
Labhair muid le Jake Mac Siacais, Stiúrthóir Forbairt Feirste, atá i mbun na dtograí faoin tábhacht a bhaineann le saol comhaimseartha na Gaeilge a léiriú ar bhealaí nuálacha.
D’inis Éamon Ó Cuív, Uachatarán Oireachtas na Gaeilge 2025, dúinn faoin tionchar thar a bheith dearfach a bheas ag an dhá thogra seo ar chuairteoirí a bheidh ag teacht go Béal Feirste don Oireachtas ag deireadh na bliana.