Siúlóid threoraithe ar an Sliabh Dubh

Ag tús 2024 chuir Conradh na Gaeilge, Fís an Phobail agus An tIontaobhas Náisiúnta tús le togra nua ina gcuirtear turais threoraithe Ghaeilge ar an Sliabh Dubh ar fáil don phobal.

Fuair na foirne a bhí i mbun na dturas oiliúint ó staraithe áitiúla agus ó shaineolaithe dúlra lena chinntiú go raibh siad chomh heolach agus ab fhéidir faoi phlandaí, faoi ainmhithe agus faoi gheolaíocht an tsléibhe.

Tá an tionscadal le reáchtáil ar feadh trí bliana agus tá go leor pleananna ag an fhoireann le haghaidh ceardlanna agus turais éagsúla do bhunscoileanna agus do ghrúpaí áirithe. 

Bhuail Meon Eile le siúlóid teaghlaigh a bhí a reachtáil acu agus labhair muid le Ciarán Mac Giolla Bhéin ó Fhís an Phobail agus le Pádraig Ó Tiarnaigh ó Chonradh na Gaeilge faoin sceitimíní atá orthu a bheith in ann turas mar seo a chur ar fáil i nGaeilge agus faoi na pleananna atá ann don thodhchaí.

Coinnigh súil ar na meáin shóisialta chun eolas a fháil faoi na turais atá ar na bacáin.

Close
Close