Siúlóid ar son Hospice NI

Is carthanacht í Hospice NI a thugann cúram maolaitheach, seirbhísí athshlánaithe agus seirbhísí faoisimh do níos mó ná 4,000 duine fásta, páiste agus leanbh achan bhliain atá tinn agus ag fáil bháis.

Bíonn siúlóid bhliantúil ag an charthanacht agus i mbliana beidh an t-imeacht 40 bliain ar an fhód. Bailítear airgead chun costais na n-ospísí a chlúdach: glacann sé níos mó ná £42,000 achan lá chun seirbhísí a chur ar fáil, sin breis agus £15.5 milliún sa bhliain. 

9 mbliana ó shin, tugadh cúram do Philomena a bhí ag streachailt le hailse agus sula bhfuair sí bás bhunaigh sí grúpa darb ainm ‘Phil’s Allsorts’ le go mbeadh a cairde agus clann in ann airgead a bhailiú don ospís. Is traidisiún ag teaghlach s’aici anois páirt a ghlacadh sa tsiúlóid i gcuimhne ar Philomena. 

Bhuail Meon Eile le Seána Gamble agus Maureen Barr, beirt deirfiúracha de chuid Philomena, a dhéanann an tsiúlóid 10km achan bhliain. Go dtí seo tá níos mó ná £50,000 bailithe acu agus tá siad beirt ag iarraidh níos mó daoine a mhealladh le páirt a glacadh ann. Dar leo gur dóigh spraíúil aclaí é chun tacú leis an ospís i dTuaisceart na hÉireann. 

Tá sonraí faoin tsiúlóid le fáil anseo.

Close
Close