Bhailigh slua siúlóirí le chéile in Iarthar Bhéal Feirste Dé Sathairn seo caite agus siúlóid urraithe ar son na Palaistíne á reáchtáil ag Gaels Against Genocide.
Cuireadh tús leis an tsiúlóid ag CLG Naomh Pól agus críochníodh í ag Páirc Uí Chorragáin. Fuair an grúpa an-chuid tacaíochta ó dhaoine ar na sráideanna, más ina gcarranna nó ina ngairdíní a bhí siad.
Rachaidh ar thiomsaigh an grúpa i dtreo otharcarr maithreachais in Gaza. Labhair Meon Eile le Glen Phillips ó Gaels Against Genocide a d’inis dúinn faoin tsiúlóid, faoin easpa ospidéal in Gaza, agus faoin tionchar atá aige sin ar mhná atá ag iompar clainne.