Seoladh Fhéile Peile na nGaelscoileanna agus Corn Liam Uí Mhuirí

Seoladh Féile Peile na nGaelscoileanna agus Corn Liam Uí Mhuirí an tseachtain seo caite i Spórtlann na hÉireann, ionad spóirt de chuid Choláiste Feirste.

Tá an-tábhacht le himeachtaí den chineál seo don aos óg, go háirithe iad siúd nach bhfuil baint acu le Cumann Lúthchleas Gael taobh amuigh den scoil. Cuidíonn laethanta mar seo leo a gcuid scileanna agus a bhféinmhuinín a fhorbairt i measc páistí eile, mar aon lena gcuid Gaeilge labhartha ar an pháirc pheile. 

Beidh trí dhuais le baint ag na foirne ar an lá mór - Corn Liam Uí Mhuirí, Sciath CLG Laochra Loch Lao agus Pláta Choláiste Feirste. Ar a bharr sin, beidh duaiseanna aonair le baint ag daltaí chomh maith. Beidh na moltóirí ag coinneáil súil ar dhaltaí a sheasann amach ó thaobh na Gaeilge de agus maidir le tiomantas agus spreagadh ar an pháirc. Beidh duaiseanna á mbronnadh chomh maith ar Chúl báire, Cailín agus Gasúr an Chomórtais. 

Beidh an lá é féin ag titim amach Dé hAoine an 2 Bealtaine ag Spórtlann na hÉireann agus beidh thart ar 12 Ghaelscoil i mBéal Feirste páirteach ann. Beidh gach scoil ag tabhairt dhá fhoireann leo, mar sin de beidh breis is 200 dalta i láthair. 

Is í seo an 15ú bliain den fhéile atá dírithe ar dhaltaí Rang 6 agus Rang 7 agus a eagraítear in ómós d'Liam Ó Múirí, fear as Béal Feirste a fuair bás 15 bliana ó shin agus a bhí i gcroílár CLG i gContae Aontroma agus i saol na Gaeilge.

D'fhreastail Meon Eile ar an seoladh agus labhair muid le Ciarán Mac Giolla Bhéin, Comhordaitheoir Pleanála Teanga ag Fís an Phobail, atá ag tabhairt tacaíocht don fhéile ar feadh roinnt blianta anuas, le Brian Mac an tSionnaigh as Ionad Uíbh Eachach agus CLG Laochra Loch Lao agus le Múinteoir Corpoideachais i gColáiste Feirste agus Peileadóir le hAontroim, Pádraig Mac Giolla Bhríde. 

Dúirt Pádraig linn:

"Má shiúlann tú isteach sna seomraí ranga i mBunscoil ar bith nó i gColáiste Feirste anseo tá tú ag dul an Ghaeilge a chluinstin ó na múinteoirí agus ó na daltaí ag obair, ach ar an pháirc peile Gaelaí tá rud éigin speisialta ann, go gcluineann tú iad ag caint i nGaeilge agus iad ag dul do rudaí difriúla atá iontach nádúrtha in amanna i mBéarla. Tá rudaí ar an pháirc nach gcluineann tú sna seomraí ranga, mar sin is teanga iomlán difriúil é. Tá sé ar fheabhas."

Close
Close