Féile na gCloigíní Gorma 2023 faoi lán seoil

Don seachtú bliain as a chéile, tá an teacht le chéile mór pobail, sláinte agus folláine, ‘Féile na gCloigíní Gorma’, ar siúl faoi láthair agus scoth na n-imeachtaí beartaithe do gach sórt grúpa agus aois: cainteanna, siúlóidí, ceardlanna, ceolchoirm le Damien Dempsey agus comórtas sacair agus peile Gaelaí, le cois nithe eile.

D’fhreastail Meon Eile ar sheoladh na Féile Dé hAoine seo caite i nGael-Ionad Mhic Goill, Ionad Pobail de chuid Ghlór na Móna, áit a raibh an tArdmhéara Tina Black i láthair. Bhí scleondar agus áthas le mothú timpeall na háite agus an ghrian ag soilsiú anuas. Labhair muid leis an Dr. Feargal Mac Ionnrachtaigh, Stiúrthóir Ghlór na Móna agus le hEoghan Ó Garmaile, Oifigeach Tionscadail Pobail Ghlór na Móna. 

Críochnóidh an Fhéile ar an Satharn beag seo, le mórshiúil, comórtas spóirt, agus le Lá Spraoi Óige agus Pobail.

Is féidir clár na Féile a fheiceáil anseo agus coinneáil suas le gach rud ón Fhéile ar Twitter. Is fiú úsáid a bhaint as haischlib na Féile fosta, #FNGG23

Close
Close