Féile na Carraige 2021

Bhí Meon Eile i láthair ag seoladh Fhéile na Carraige i gceantar Uachtar Chluannaí an tseachtain seo caite.

Is do Frances Mac Gabhann, a d'imigh ar shlí na fírinne dhá seachtain ó shin anois, atá féile na bliana seo tiomnaithe agus d'inis a mac, Máirtín Mac Gabhann, scéalta fúithi agus faoin obair a rinne sí don pobal, an pobal Gaelach ach go háirithe áit a raibh ról lárnach aici i mbunú Bhunscoil an tSléibhe Dhuibh.

Labhair Meon Eile le hÓrla Nig Oirc agus le Feargal Mac Ionnrachtaigh faoi sceideal an féile agus faoin dóigh a bhfuil an pobal go fóill i gcroílar na n-imeachtaí. Agus bhí áthas ar gach duine go raibh siad in ann teacht le chéile san fhíorshaol, rud nárbh fhéidir a dhéanamh anuraidh.

Tá an t-eolas ar fad faoin fhéile le fáil ar shuíomh idirlín Glór na Móna agus ar na meáin shóisialta.

https://www.glornamona.com/feile-na-carraige/?lang=en

https://www.facebook.com/glor.mona

Close
Close