Seoladh Cartlann Scannán Digiteach de chuid Scaileán Thuaisceart Éireann

Tá os cionn 100 uair an chloig d’íomhánna faoi Thuaisceart na hÉireann ó 1897 go 2014 i stóras i gCartlann Scannán Digiteach de chuid Scaileán Thuaisceart Éireann.

Tá scannáin faoi shaol na tuaithe agus seanchas na tíre le sonrú sa chartlann dhigiteach mar aon le roinnt mhaith fiseán Gaeilge.

Is áis iontach í an Chartlann Scannán Digiteach do mhúinteoirí, mic léinn, staraithe nó go díreach do dhuine ar bith a bhfuil spéis acu in ealaín na n-íomhánna gluaisteacha.

Is féidir spléachadh a thabhairt air anseo: http://digitalfilmarchive.net/

Fuair Meon Eile deis dul i mbun tochailte trí chuid de na seoda iontacha bailithe ó chartlanna príobháideacha, náisiúnta, réigiúnach agus eile.

Lainseáil Cartlann Scannán Digiteach de chuid Scaileán Thuaisceart Éireann.
Close
Close