Seirbhís cúram leanaí Gaeilge 25 bliain ar an fhód

Seirbhís cúram leanaí Gaeilge 25 bliain ar an fhód

Tá an tseirbhís cúram leanaí Gaeilge ag Ionad Uíbh Eachach i mBéal Feirste ag ceiliúradh 25 a bunaithe agus tá tuilleadh pleananna forbartha faoi sheol ag bainistíocht an Ionaid.

Tá sé tugtha le fios ag Comhordaitheoir an Ionaid, Sue Pentel, go bhfuil siad anois cláraithe mar chuideachta teoranta agus go bhfuil pleananna acu a seirbhís a leathnú i gceantar Uachtar Chluanaí.

“Tá muid ag obair i gcomhpháirtíocht le Glór na Móna le seirbhís cúram leanaí i nGaeilge a chur ar fáil sa cheantar seo,” arsa Sue.

“Bhíodh deontas ar fáil lena leithéid a thosú ach tá sé sin tarraingthe siar anois. Beidh muid i dteagmháil leis na húdaráis chuí amach anseo.”

Tá 30 duine fostaithe san Ionad faoi láthair, beagnach leath acu siúd atá fostaithe ar airgead na gnólachta agus an leath eile ar dheontais.

Seo chugaibh léargas ar scéal na gnólachta a d’eascair ó ghrúpa tuismitheoirí a tháinig le chéile ag lorg cúram Gaeilge dá bpáistí siar i 1990…

Ionad Uibh Eachach ag ceiliúradh 25 bliain bunaithe
Close
Close