Seachtain Sláinte na bhFear

Seachtain Sláinte na bhFear atá ann an tseachtain seo agus is é is aidhm di spás sábháilte a chruthú do na fir le go mbeidh siad in ann cúrsaí sláinte a phlé le chéile, idir an tsláinte fhisiciúil agus an mheabhairshláinte.

Cuireann Fóram Sláinte na bhFear eolas, gníomhaíochtaí agus comhairle ar fáil faoi na cúrsaí seo.

Labhair Meon Eile le Daniel Mac Liam faoin dóigh ar chuidigh na cluichí Gaelacha leis agus é ina aonar i gCeanada, agus le Gerard Conlon atá ina gharda tarrthála in Ionad Fóillíochta Brook i gCill Uaighe faoi na haiseanna atá ar fáil san ionad.

Thig leat tuilleadh eolais a fháil ar Sheachtain Sláinte na bhFear anseo.

Close
Close