Scioból na bhFear ag Ionad na Fuiseoige

Gach maidin Déardaoin, tagann grúpa fear le chéile ag Scioból na bhFear in Ionad na Fuiseoige in Iarthar Bhéal Feirste. Is é Scioból seo an t-aon cheann Gaeilge i mBéal Feirste agus tá baill ag taisteal ó gach cearn den chathair le bheith páirteach ann. Agus cábán nua tógtha taobh amuigh den ionad, tá spás acu le rudaí a chruthú agus a thógáil anois.

Ach tá níos mó i gceist le Scioból na bhFear ná an deis ar bheith ag obair le hadhmad agus leictreonaic. Is áit é ar féidir le fir cairde a dhéanamh, a gcuid Gaeilge a chleachtadh agus cúrsaí an tsaoil a phlé.

Thug Meon Eile cuairt ar an Scioból le labhairt le Ciarán Mac Brádaigh, a d'eagraigh é an chéad lá riamh. Labhair muid fosta le Tomás Ó Braonáin agus le Proinsias Mac Giolla Ghunna, beirt bhall a theann chuig an Scioból achan seachtain. 

Bíonn Scioból na bhFear ar oscailt don phobal gach Déardaoin ó 9am go 9pm.

Tá tuilleadh eolais ar fáil anseo.

Close
Close