Rothaíocht ó cheann ceann na tíre ar son Ospís Dhún na nGall

Tá Pól Ó Curráin agus Seán Ó Baoill i measc 12 rothaí de chuid Finn Wheelers a bheas ag rothaíocht ó Charn Uí Néid i gCo. Chorcaí go Cionn Mhálanna i nDún na nGall.

Labhair Meon Eile leis an bheirt fhear spreagúla faoin dúshlán atá rompu ar mhaithe le hairgead a chruinniú d'Ospís Dhún na nGall. 

D'fhág an fhoireann Carn Uí Néid inniu agus sroichfidh siad Cionn Mhálanna amach ar an Domhnach 3 Iúil 2022. Tá siad ag bailiú airgead d'Ospís Dhún na nGall, a dhéanann sárobair do dhaoine agus do theaghlaigh atá ag déileáil le tinneas fud fad an chontae.

Tá Pól agus Seán mar chuid den ghrúpa 'na turtair' de chuid Finn Wheelers, grúpa a bhíonn siad ag dul ar luas níos moille, ach baineann siad an-sult as an rothaíocht agus tá siad ag súil go mór leis an dúshlán.

Is féidir airgead a dheonú dóibh anseo

Close
Close