'Rith na nDathanna' ag Tionscadal Óige an Laig Mhóir

Le Mí an Bhróid a cheiliúradh chuir Tionscadal Óige an Laig Mhóir ar imeall Bhéal Feirste 'Rith na nDathanna' ar siúl don phobal áitiúil.

Bhailigh thart fá 400 duine le páirt a ghlacadh ann agus chun tacaíocht a thaispeáint don phobal LADTA atá ina chónaí sa cheantar. Bíonn an Tionscadal Óige oscailte ceithre lá sa tseachtain le Cláir Iarscoile agus Club Óige a chur ar fáil do dhaoine óga comh maith le bheith amuigh ar na sráideanna ag caint agus ag cuidiú leo.

Labhair Meon Eile le Vincent McCullagh agus Arón Hughes faoin ócáid agus faoin tionscadal ionchuimsithe a chuirtear ar fáil do dhaoine óga LADTA. 

Close
Close