Rámhaíocht na Nollag i mBéal Feirste

Bhí baill den chlub rámhaíochta Lagan Currachs amuigh ar an Lagán Dé Domhnaigh le Rámhaíocht na Nollag a dhéanamh. 

Bunaíodh Lagan Currachs sa bhliain 2016 chun curach thraidisiúnta a thógáil ó bhonn. Tugadh 'Mamach Mór' ar an churach sin, agus tá dhá churach níos lú tógtha ag an chlub ó shin. Bhí na trí bhád amuigh ar an abhann Dé Domhnaigh le haghaidh rámhaíocht Nollaigiúil sula mbainfear den uisce iad don gheimhreadh.

Labhair Meon Eile le Janet Muller, ball de Lagan Currachs, faoin imeacht, faoin chlub, agus faoin tairbhe a bhaineann sí as an rámhaíocht.

Close
Close