Raidió na Gaeltachta ag ceiliúradh 50 bliain ar an fhód

Tá RTÉ Raidió na Gaeltachta 50 bliain ar an fhód i mbliana. 

Nuair a chéadbhuail RnaG na haerthonnta leathchéad bliain ó shin, ba é an t-aon stáisiún raidió Gaeilge sa tír é, agus tháinig ann dó i ndiaidh feachtas pobail ag muintur na Gaeltachta féin. Bhí siad rófhada gan aon ghuth ná aitheantas sna meáin chraolta, ach d'athraigh sin le teacht an raidió a chuireann seirbhís ardchaighdeáin ar fáil do chainteoirí Gaeilge sa Ghaeltacht agus taobh amuigh di araon.

Leis an chloch mhíle mhór a cheiliúradh, thug Meon Eile cuairt ar stáisiún Raidió na Gaeltachta sna Doirí Beaga i gContae Dhún na nGall. Shuigh muid le triúr ón fhoireann: an bainisteoir réigiúnach, Damien Ó Dónaill, agus beirt chraoltóirí, Áine Ní Bhreisleáin agus Dónall Mac Ruairí. Thug siad cur síos ar an fhás agus ar an fhorbairt atá déanta ó thaobh an raidió de sa cheantar thar na blianta agus ar an todhchaí atá roimhe.

Close
Close