Raidió Fáilte 15 mbliana ar an fhód

I mbliana tá Raidió Fáilte ag ceiliúradh 15 mbliana ar an fhód go hoifigiúil, cé gur thosaigh an stáisiún mar raidió bradach sna 1990í.

Tá stair fhada shaibhir ag an stáisiún raidió ó bhunaigh Fergus O’Hare, Eoghan Ó Néill, Gearóid Ó Cairealláin agus Pádraig McGarry é i mbarr an tí i gCultúrlann McAdam Ó Fiaich. Ag an am sin bhí fás agus forbairt ag teacht ar shaol na Gaeilge i mBéal Feirste ag fás agus cinneadh go mbeidh staisiún pobail de dhith sa chathair.

Bhí an stáisiún lonnaithe i roinnt suíomhanna thar na blianta: sa Chultúrlann ar dtús, ansin roinnt bliantaí eile in Ionad an Dá Spuaic ar Bhóthair na bhFál agus anois sa fhorgnimh úrnua taobh le lár na cathrach.

Is eagraíocht thábhachtach é Raidió Fáilte a thugann guth don phobal Gaelach i mBéal Feirste agus níos faide i gcéin. Is áit í fosta a gcuireann traenáil agus oiliúint ar fáil don chéad ghluin craoltóirí eile.

Thug Meon Eile cuairt ar an stáisiún agus labhair muid leis an bhainisteoir nua, Cillian Breatnach, mar aon le Séimí Mac Aindreasa agus Neil Ó Briain, craoltóiri de chuid an raidió. Rinne an triúr acu cur síos ar scéal an togra agus phléigh siad na rudaí speisiálta faoin stáisiún.

Close
Close