Pobal: Cearta agus Ceiliúradh 2013

Pobal: Cearta agus Ceiliúradh 2013
Pobal; Cearta agus Ceiliúradh / Sarah de Búrca

Bhí Cearta agus Ceiliúradh na bliana seo ar siúl i Halla Uladh i mBéal Feirste ar an Domhnach an 6ú la de mhí Dheireadh Fómhair.

Chuir POBAL, scátheagras phobal na Gaeilge ó thuaidh, tús leis an ócáid bhliantúil seo ceithre bliana ó shin chun lá siamsaíochta a chur ar fáil don phobal agus le haird a tharraingt ar ghealltanas a thug rialtas na Breataine i gComhaontú Chill Rimhinn, Acht na Gaeilge a reachtú ó thuaidh, rud nár comhlíonadh go fóill.

Meallann an ócáid a bhí ar siúl in Aonach Naomh Seoirse, Béal Feirste, le trí bliana agus a eagraítear anois i Halla Uladh, meallann sé Gaeilgeoirí agus lucht tacaíochta ó gach cearn den tír.

Bhí siamsaíocht ar fáil ar an lá do pháistí chomh maith le daoine fásta. Bhí ealaíontóirí, sorcas, taispeántais, ceardlanna, ceol damhsa agus neart eile ar fáil agus is deis iontach a bhí ann don phobal Gaeilge teacht le chéile arís ar son na teanga.

Bhí Meon Eile i láthair ar an lá siamsúil seo.

Close
Close