Pleananna úra curtha i bhfeidhm do cheantar Oileán an Ghuail

Fograíodh dea-scéala ar na mallaibh go raibh obair ar fhoirgneamh nua do Ghaelscoil Uí Néill in Oileán an Ghuail i gcontae Thír Eoghain le tosú.

Tá pleananna beartaithe ag eagraíocht Gaeilge sa cheantar, Cairde Uí Néill, lár-ionad Gaeilge a bhunú i lár an bhaile, áit a bhfuil seanchlub dornálaíochta. Cheannaigh siad an talamh i mí an Mhárta agus ó shin tá siad ag obair go dian, ag cur pleananna i bhfeidhm, ag obair le hailtirí agus ag fiosrú faoi chead pleanála a fháil.

Tá Damien Ó Néill, Oifigeach Forbartha Gaeilge ag Cairde Uí Néill, ag dúil go mbeidh Naíonra agus Iarscoil  Néill, Oifig Chairde Uí Néill, Ranganna Gaeilge, Club Óige agus neart imeachtaí eile ag titim amach san fhoirgneamh úr.

Tá an dá fhoirgneamh, foirgneamh úr na scoile agus foirgneamh don ionad Gaeilge iontach cóngarach dá chéile sa bhaile, rud a bheidh thar a bheith fiúntach don cheantar áitiúil. Beidh Caifé Uppercut ag feidhmiú go fóill taobh amuigh den ionad Gaeilge agus pleananna acu an Ghaeilge a chur chun cinn lena ngnó amach anseo.

Is cinnte gur céim ollmhór í seo don phobal, agus do phobal Ghaelscoil Uí Néill go háirithe agus iad ag dul i dtreo 30 bliain ar an fhód an bhliain seo chugainn.

Close
Close