Seoladh plean pobail 5 bliana do Léana an Dúin in Iarthar Bhéal Feirste darb ainm ‘Ag Cruthú Saol Níos Fearr i Léana an Dúin’ ar na mallaibh.
Rinne Lenadoon Community Forum an taighde ar an phobal thart orthu, ag labhairt leis na céadta daoine idir óg agus aosta ó gach cúlra le feiceáil cad iad na deacrachtaí is mó a bhíonn ag na daoine atá ina gcónaí i Léana an Dúin.
Is iad na príomhfhadhbanna a tháinig chun cinn sa taighde ná fadhbanna meabhairshláinte, an andúil agus an costas maireachtála. Tá sé anois mar aidhm ag an fhóram aghaidh a thabhairt ar na fadhbanna seo agus an ceantar a neartú agus a fhorbairt taobh istigh de na 5 bliana amach romhainn.
Ar an lá bhí scaifte mór bailithe le bheith ag éisteacht leis na cainteanna ó eagraithe an phlean agus ó pholaiteoirí áitiúla.
Labhair Meon Eile le Glen Phillips atá ar Choiste an Lenadoon Community Forum faoin obair mhór a chuaigh isteach sa togra agus faoin phobal láidir atá ann i Léana an Dúin in ainneoin na ndeacrachtaí.
D’inis Gerry Carroll, Feisire Tionóil le Pobal Roimhe Bhrabús, dúinn faoin tábhacht a bhaineann le bheith ag tacú le háiteanna cosúil le Léana an Dúin agus mhol sé obair na ndaoine áitiúla a chuir an plean le chéile.