An mhí seo caite cuireadh tús le clár úrnua dar teideal 'Pé Scéal é' le Máire Treasa Ní Dhubhghaill ar RTÉ Raidió na Gaeltachta. Gach Aoine idir 3 agus 5 bíonn idir cheol, chaint agus chraic ar an chlár le neart aíonna, agus béim ar ardán a thabhairt do Ghaeilgeoirí óga timpeall na tíre.
Chuaigh Máire agus a foireann ar an bhóthar den chéad uair ar na mallaibh, a fhad le hIarthar Béal Feirste agus Ionad Pobail, Glór na Móna, áit a raibh Féile na Carraige 2024 faoi lán seoil agus atmaisféar den scoth le mothú. Is in Anam, caifé nua Ghlór na Móna, a cuireadh an seó i láthair agus tugadh cuireadh do dhaoine teacht agus labhairt le Máire ar na haerthonnta. Ina measc siúd a labhair ar an chlár bhí baill foirne Ghlór na Móna, daltaí scoile de chuid Choláiste Feirste, ionadaithe ón chlub Gaeilge CLG, Laochra Loch Lao, agus na ceoltóirí Conor Torbóid nó 'Torby', Megan Nic Ruairí agus Niamh Nic Ionnrachtaigh.
D'fhreastail Meon Eile ar an chraoladh beo agus bhí an deis againn labhairt le Máire faoi cad é mar atá ag éirí léi sa ról go dtí seo agus faoin tábhacht a bhaineann le craoltaí beo den chineál seo.