Páirc na Mara: 10 mbliana ar an fhód

Tá Conradh na Gaeilge, Boirche Íochtar 10 mbliana ar an fhód i mbliana. Bhí Lá Oscailte, Maidin Chaifé agus Lá Spraoi do na Páistí ar siúl chun an ócáid mhór a cheiliúradh.

Is é Ruairí Ó Donnáin an tOifigeach Forbartha Gaeilge san Ionad Cultúrtha agus Gaeilge sna Beanna Boirche. Thosaigh Ruairí sa phost bliain ó shin anois agus ó shin tá an-obair déanta aige féin leis an Ghaeilge a chur chun cinn sa cheantar áitiúil agus sna bailte beaga timpeall na háite, cuir i gcás dianchúrsaí, imeachtaí don aos óg, agus obair le scoileanna Gaeilge agus Béarla.

Tá daoine ina gcónaí sa cheantar a thagann ó gach cineál cúlra: Protastúnaigh, Caitlicigh agus eile. Mar sin tá sé ríthábhachtach do lucht Bhoirche Íochtar go mothaíonn gach duine compordach bualadh isteach agus páirt a ghlacadh sna himeachtaí a bhíonn ar siúl.

Is cinnte go bhfuil todhchaí gheal roimh an phobal seo. Tá leabharlann phoiblí úrnua, Leabharlann na Mara, oscailte acu chomh maith le seomra ar leith don Chlub Óige, atá lán áiseanna agus trealaimh atá fóirsteanach don aos óg.

Labhair Meon Eile le Ruairí agus é ag fáil réidh don Lá Mór Oscailte.

Close
Close