Oidhreacht Theach Ard na bhFeá á comóradh

Oidhreacht Theach Ard na bhFeá á comóradh / Sarah de Búrca

Rinneadh Oidhreacht Ard na bhFeá, tosaíocht chultúrtha de chuid Forbairt Feirste, a sheoladh go hoifigiúil an Chéadaoin seo caite i gColáiste Feirste in iarthar Bhéal Feirste. Tá Teach Ard na bhFeá ar cheann de na tithe is aosta i mBéal Feirste le stair na háite ag dul siar níos mó ná 260 bliain.

Bhí an tAire Stáit Donnchadh Mac Fhionnlaoich chomh maith leis an Aire Carál Ní Chuilín i láthair ag an ócáid. Rinne beirt ealaíontóirí, Mícheál Doherty ó iarthar Bhéal Feirste agus John Stewart ó oirthear Bhéal Feirste, dhá phíosa ealaíne go speisialta don ócáid ar tugadh ‘Súil an Dearcadóra’ air. Bronnadh píosa ealaíne ar an ngrúpa Gaeilge Turas chomh maith le Forbairt Feirste.

Lainseáladh sraith imeachtaí cultúrtha ag an ócáid agus anois an sprioc atá ann ná oidhreacht agus stair Teach na bhFeá a oscailt don phobal. Beidh Forbairt Feirste ag eagrú na n-imeachtaí trasphobail seo go dtí mí Meitheamh 2014.

Close
Close