Ócáid speisialta i gcuimhne Ghráinne Mhic Géidigh

Bhí ócáid speisialta ar siúl in oifig Shinn Féin i nGaoth Dobhair le gairid i gcuimhne ar iar-ionadaí an pháirtí, Gráinne Mhic Geidigh.

Tháinig cairde, baill dá teaghlach agus daoine a raibh aithne acu ar Ghráinne le chéile chun ómós a thabhairt di.

Sa bhliain 2005 cuireadh Gráinne chun tosaigh mar bhall do Shinn Féin i dtoghchán Údarás na Gaeltachta. Bhí sí ar an chéad bhean riamh a toghadh go daonlathach ar bhord an Údaráis.

Ar an drochuair cailleadh Ghráinne bliain go leith ó shin nuair a bhuail ailse í.

Is bean mhór teaglaigh agus bean mhór phobail a bhí inti. Bhí an oiread grá aici dá teanga, dá cultúr agus dá tír.

Bhí an teach lán go doras ar an oíche speisialta a reáchtáladh ar na mallaibh, léiriú ar an mheas ollmhór a bhí ag daoine ar Ghráinne Mhic Géidigh i nGaeltacht Thír Chonaill agus níos faide i gcéin.

Nochtadh portráid choimisiúnaithe de Ghráinne leis an ealaíontóir aitiúil, Annette Curran, agus seoladh ‘Scoláireacht Ghráinne Mhic Géidigh’ fosta. 

Beidh an scoláireacht á bronnadh ar dhalta amháin achan bhliain le freastal ar Choláiste Bhríde i Rann na Feirste, an ceantar inar rugadh agus tógadh Gráinne.

Chan amháin sin ach bronnadh ‘Corn Ghráinne’ ar Éigse Uladh ar an oíche fosta. Beidh an corn seo le bronnadh ar rannpháirtí sa chomórtas aithriseoireachta, An Béal Binn, amach anseo.

Labhair Meon Eile leis an Teachta Dála ó Shinn Féin, Piaras Ó Dochartaigh, agus le hiníon Ghráinne, Mairéad Nic Geidigh.

Close
Close