‘Ó thalamh go tábla’ le Gairdín an Phobail

D'óstáil Gairdín an Phobail ar Bhóthar na Carraige Báine, Béal Feirste, ceardlann gharraíodóireachta ar na mallaibh chun tús an fhómhair a cheiliúradh. 

An t-ábhar ba mhó a pléadh ag an cheardlann ná na bealaí ar féidir linn a bheith níos inbhuanaithe, bíodh sin baint a bheith againn le tograí ar nós Ghairdín an Phobail nó fiú a bheith gníomhach inár ngairdíní féin.

Bhailigh na rannpháirtithe síolta lín ón ghairdín agus d’ullmhaigh an Kind Economy bia dachan duine sa chré-oigheann taobh amuigh.

Is é Seán Mac Brádaigh a bhí i mbun na ceardlainne agus labhair sé linn faoi chuid de na comhráití a bhí acu ar an lá faoin gharraíodóireacht, agus an dóigh a dtig linn athfhiáiniú, nó athdhúlrú, a dhéanamh inár gceantair áitiúla féin. 

onn fearadh na fáilte roimh chách ag Gairdín an Phobail achan mhaidin Aoine le bheith ag obair leis an fhoireann ann. Thig leat dul i dteagmháil leo anseo.

Bhí an cheardlann seo maoinithe ag An Chiste Ultach agus tionscadal de chuid Conradh na Gaeilge, Céad Míle Fáilte.

Close
Close