Tús na Nollag sa Chultúrlann

Bhí Cultúrlann McAdam Ó Fiaich ag ceiliúradh na Nollag i rith an deireadh seachtaine le roinnt imeachtaí do pháistí.

Bhí ceardlann ealaíne ann le duaiseanna do na scoileanna is fearr, bhí bia den scoth sa bhialann ar ndóigh, thug Daidí na Nollaig cuairt ar an lárionad agus bhí an laoch beag Dáithí Mac Gabhann ann leis na solais a lasadh.

Cé go raibh aimsir cháidheach ann, bhí gach duine ar bharr na gaoithe agus tógtha le tús a chur leis an cheiliúradh...

Close
Close