Tábhacht na Nollag, le Daltaí Ghaelscoil na Speiríní


Is léir go mbeidh an Nollaig difriúil i mbliana do gach duine. Thug Meon Eile cuairt ar na páistí i nGaelscoil na Speiríní i nDeisceart Chontae Dhoire chun a dtuairimí a chluinstin ar thábhacht na Nollag agus na rudaí a bheas siad a dhéanamh le linn na saoire.

Níl an phandéim ag cur isteach ar spiorad na scoile i nGaelscoil na Speiríní cibé ar bith mar bhí na páistí lán le ceol agus amhráin Nollag, mar a fheictear san fhíseán thuas.

Tá a fhios ag na páistí nach mbeidh siad in ann cóisir mhór a bheith acu lena a lán daoine ann ach is féidir leo am a chaitheamh lena dteaghlaigh go fóill, rud a bhfuil siad iontach buíoch as san am i láthair. Nach maith iad!

Close
Close