Nóirín Uí Chléirigh - Ómós

Bhailigh daoine as gach cearn den tír i gCumann Chluain Árd ar na mallaibh faoi choinne Oíche Chuimhneacháin in ómós do Nóirín Uí Chléirigh.

Múinteoir i gColáiste Feirste, ealaíontóir, craoltóir agus bean réabhlóideach a bhí i Nóirín a fuair bás i mí an Mhárta 2022. Bhí tionchar mór aici ar phobal na Gaeilge i mBéal Feirste agus níos faide i gcéin ar feadh a saoil.

Bhí Nóirín ina ceannaire ar an fheachtas chun maoiniú Ghlor na nGael a fháil ar ais nuair a baineadh é sna hochtóidí agus sna nochaidí, feachtas ar éirigh go maith leis.

Ina dhiaidh sin, bhí Nóirín ina múinteoir ealaíne i gColáiste Feirste agus spreag sí daltaí s’aici leanúint leis an ealaíon ina saol.

Labhair Meon Eile le Nuala Ní Néill, Séamus Ó Donnghaile, Caireann Uí Mhuireagáin, Rút Ní Bhléine, Fionnuala Ní Mhuirigh, Nic Sadlier, Cormac Ó Donnghaile, Nerilee Ceatha agus Sue Pentel; cuid de na daoine a raibh aithne mhaith acu ar Nóirín i réimse leathan codanna den saol i gcaitheamh na mblianta.

Ba mhaith linn comhbhrón ó chroí a dhéanamh le teaghlach agus gaolta Nóirín agus lena cairde ar fad.

Tá muid go mór faoi chomaoin ag Cumann Chluain Árd as a chuid tacaíochta leis an fhíseán seo a thaifeadadh.

Close
Close