Turas rothaíochta agus Beanna Boirche dreaptha ar son charthanacht banc bia Thuaisceart Bhéal Feirste

Tá breis agus sé mhíle punt baillithe ag múinteoir as Tuaisceart Bhéal Feirste ar son charthanacht banc bia Thuaisceart Bhéal Feirste. Chinn Oisín Mac an Bhiocaire airgead a bhailliú an bhliain seo caite agus £2,000 mar sprioc aige. Chuaigh sé thar sin le £6,500 a bhailliú le bronntanas dinnéir na Nollag a bhronnadh ar dhaoine a bhí ag streachailt.

Labhair Meon Eile le hOisín faoin dúshlán a shocraigh sé dó féin: rothaíocht 32 mhíle go dtí an Caisleán Nua ar an 12 Nollaig, na seacht mBeann a dhreapadh i mBeanna Boirche agus rothaíocht 36 mhíle abhaile arís. Deir Oisín go raibh an tacaíocht a fuair sé ina chuidiú mór agus cairde ar an turas leis gach bomaite. D'éirigh léis an dúshlán seo a chomhlíonadh agus mar thoradh beidh dinnéar na Nollag curtha ar fáil do 400 teaghlach.

Beidh an nasc 'Go Fund Me' beo go dtí oíche Nollag le hairgead a dheonú:

https://gofund.me/12b331da

Close
Close