Na 5 fhíseán pobail is mó ó 2021

Cuid phléisiúrtha d’obair Meon Eile is ea an tuairisciú a dhéanaimid ar na scéalta pobail agus ar na gaiscí atá á ndéanamh ag Gaeilgeoirí ó cheann ceann na tíre ar mhaithe lena gceantracha féin.

Seo cúig cinn de na físeáin phobail is mó ar chuir leantóirí an tsuímh spéis iontu i mbliana…

1. Albert Fry - Ómós.

Fuair Albert Fry, duine de sheanfhondúirí aitheanta Gaeilge Bhéal Feirste, bás an tseachtain seo caite agus é ceithre scór bliain d'aois.

Fear ildánach ab ea Albert, a raibh clú agus cáil air ar fud na hÉireann mar Ghael, ceoltóir, innealtóir agus peileadóir...

2 An tSeachtain um Meabhairshláinte Mháthartha.

Tarraingítear aird ar mheabhairshláinte mháthartha le linn mhí na Bealtaine achan bhliain. Labhair Meon Eile le triúr mamaithe cróga a raibh a gcuid streachailtí féin acu agus thug siad comhairle dóibh siúd atá ag dul fríd an rud céanna...


3. Coláiste Feirste - 30 bliain ar an fhód.

Thug Meon Eile cuairt ar Choláiste Feirste ar Bhóthar na bhFál i mBéal Feirste. Nuair a bunadh Meánscoil Feirste in 1991, bhí an t-urlár ar bharr Chultúrlann McAdam Ó Fiaich mar shuíomh na scoile.

D’fhás líon na ndaltaí go leanúnach ina dhiaidh sin agus in 1998 bhog an scoil chuig suíomh iar-otharlainne in Ard na bhFeá. Is mór an fhorbairt atá déanta ó shin agus anois tá Coláiste Feirste ar na hinstitiúidí Gaeilge is mó agus is tábhachtaí dá bhfuil ann.

Agus an mheánscoil 30 bliain ar an fhód i mbliana, labhair Meon Eile le príomhoide na scoile, Mícheál Mac Giolla Ghunna, chomh maith le roinnt iar-dhaltaí atá ag obair sa scoil anois mar mhúinteoirí. Phléigh siad uilig an tionchar dearfach atá ag an scoil go fóill ar shaol na nGael sa chathair...



4. Gaelscoil Aodha Rua ar bís roimh Chluiche Ceannais na hÉireann.

Bhuail Meon Eile isteach chuig Gaelscoil Aodha Rua i nDún Geanainn, áit a bhfuil na múinteoirí agus daltaí ar fad ar bís roimh an chluiche mhór. Labhair Móna Uí Dhochartaigh, príomhoide na scoile, linn faoin Lá Dearg agus Bán a bhí acu sa scoil chun airgead a bhailiú leis an áit a mhaisiú. Labhair Loinnir Uí Cheallaigh agus Seán Mac Diarmada linn fosta ar an ábhar.

Is léir go bhfuil sceitimíní ar na páistí ar fad agus go bhfuil siad ag baint sult as an am speisialta seo do mhuintir Thír Eoghain!


5. Tábhacht na sábháilteachta rothaíochta i nGaelscoil na Daróige.

Ghlac páistí agus tuismitheoirí de chuid Ghaelscoil na Daróige páirt i gceardlann sábháilteachta rothaíochta an tseachtain seo caite. Chuaigh Meon Eile ann le scileanna rothaíochta na bpáistí a fheiceáil...



Close
Close