Tá Féile na gCloigíní Gorma ag titim amach faoi láthair agus ceiliúradh í le Mórshiúl na Féile in Iarthar Bhéal Feirste Dé Sathairn seo caite.
Féile phobalbhunaithe atá i bhFéile na gCloigíní Gorma a dhíríonn ar an chomhshaol agus ar an tsláinte intinne, go háirithe i gceantar Uachtar Chluanaí in Iarthar Bhéal Feirste. Cuireadh tús léi in 2017 mar gheall ar na deacrachtaí socheacnamaíocha a raibh daoine sa cheantar thíos leo agus an tionchar a bhí ag na fadhbanna seo ar mheabharshláinte an phobail.
Ó shin a leith, reáchtáltar Féile na gCloigíní Gorma go bliantúil i mí na Bealtaine, toisc gurb é sin an t-am den bhliain a dtagann na cloigíní gorma, a bhfuair an fhéile a hainm astu, amach ar an Sliabh Dubh.
Tháinig an-slua amach faoi spéir ghlan ghorm Dé Sathairn le bheith páirteach sa mhórshiúl. Bhí ionadaíocht ó roinnt mhór grúpaí le feiceáil ann, amhail Glór na Móna, An Dream Dearg, Participation & Practice of Rights (PPR), agus clubanna CLG agus sacair. Cuireadh tús leis an mhórshiúl ag Iontaobhas Forbartha Uachtar Chluanaí. Shiúil na rannpháirtithe fríd Bhaile Uí Mhurchú, síos go Gael-Ionad Mhic Gioll, agus ar aghaidh ansin go Páirc na bhFál, an áit ar cuireadh críoch leis an mhórshiúl le lá teaghlaigh agus comórtais spóirt.
Labhair Meon Eile le hEoghan Ó Garmaile, atá ar Choiste Fhéile na gCloigíní Gorma agus a rinne cur síos ar an lá agus ar an fhéile í féin.