Mórshiúl na mBriogáidí Idirnáisiúnta i gContae Lú

Gach bliain buaileann FIBI (Friends of the Internation Brigades in Ireland) le chéile le dul ar mhórshiúl ó Ó Méith go Slaibh Feá i leithinis Chuaille, áit a bhfuil carn a tógadh in 2011 in ómós do na hÉireannaigh a throid ar son sna briogáidí idirnáisiúnta i gCogadh Cathartha na cearta i Reiblóid na Spáinne. 

Siúlóid 12.5km atá ann ar an Bhealach Glas agus fríd na coillte a fhad leis an charn atá suite leath bealaigh suas an sliabh. Ní raibh an tsiúlóid ann ó tharla an phaindéim mar sin bhí dream maith cruinnithe le chéile i mbliana agus iad bís le páirt a ghlacadh ann arís.

I mí Iúil fuair uachtarán FIBI, Eddie O’Neill, bás agus is ceiliúradh a bhí i mórshiúl na bliana seo ar a shaol féin mar aon le saol na ndaoine a d'éag sa Spáinn le linn na 1930í.

Close
Close