Mórshiúl Fhéile na gCloigíní Gorma 2024

Don ochtú bliain as a chéile, tá an teacht le chéile mór pobail, sláinte agus folláine, 'Féile na gCloiginí Gorma' faoi lán seoil agus scoth na n-imeachtaí ar siúl go dtí seo.

Ag tógáil ar rath na bliana seo caite, bhí Mórshiúl Fhéile na gCloigíní Gorma ann don dara huair i mbliana mar cheiliúradh ar an phobal áitiúil agus chun an Fhéile a sheoladh.

Bhí ionadaithe ó neart grúpaí Gaelacha i láthair ag an mhórshiúl a thosaigh ag Gael Ionad Mhic Goill ó leithéidí Glór na Móna, an Dream Dearg, Coláiste Feirste, Clubanna CLG agus Sacair, go Conradh na Gaeilge, Fóram na nÓg agus neart eile.

Rinneadh nasc idir an mórshiúl agus an comórtas sacair agus CLG bliantúil a bhí ar siúl ag Páirc Chairdinéal Uí Dhomhnaill CLG. Chríochnaigh an mórshiúl ansin mar sin bhí na clubanna CLG páirteach sa mhórshiúl fosta.

Críochnóidh an Fhéile ar an Satharn beag seo le ceolchoirm le Niamh Nic Ionnrachtaigh & Brendy Kerr, Sinéad McKenna & Cairde agus neart eile. 

Is féidir clár na Féile a fheiceáil anseo agus a choinneáil suas chun dáta le gach rud ón Fhéile ar na meáin shóisialta. Is fiú úsáid a bhaint as haischlib na Féile fosta, #FNGG24.

Close
Close