An Mhí um Stair LADTA+

Bunaíodh an Mhí um Stair LADTA+ sa bhliain 2004 le ‘Schools OUT’ agus rinneadh céiliúradh air den chéad uair i mí Feabhra 2005.

Le linn na míosa seo bíonn deis ag an phobal LADTA+, agus ag an phobal níos leithne, mar amharc siar ar an streachailt agus ar na buanna i gcaitheamh na blianta, agus bítear in ann tuiscint agus feasacht a chothú i measc daoine chomh maith.

Labhair Meon Eile le Conor Torbóid atá ag obair mar oibrí óige faoi láthair faoin mhí féin, an taithí a bhí aige nuair a tháinig sé amach agus é 12 bhliain d’aois agus an freagra a bhíonn ag an aos óg agus é i mbun ceardlanna chun comhionnannas agus tuiscint a chur chun cinn.

Close
Close