Mí Iúil gan Phlaisteach

Gach bliain anois bíonn an feachtas ‘Mí Iúil gan Phlaisteach’ ar siúl ar fud an domhain, feachtas a mholann do dhaoine iarracht a dhéanamh níos lú plaistigh a úsáid ar mhaithe leis an timpeallacht.

Is eol dúinn go bhfuil muid ag déanamh dochar don phláinéad agus go bhfuil an plaisteach ina chuid shuntasach de sin. I rith na dianghlasála bhí íomhánna go leor ann de spéartha glana fud fad na cruinne ach cheana féin tá an truailliú á charnadh arís ó tharla go bhfuil daoine ag filleadh ar a sheandóigheanna. Caithfidh muid uilig mar dhaoine dearcadh s’againn a athrú agus aire a thabhairt don domhan seo sula mbíonn sé rómhall.

Labhair Meon Eile le Stiofán Nutty ó Green Foundation Ireland a thug leideanna chun an méid truaillithe ar domhan a laghdú, sin agus comhairle faoi na rudaí beaga is féidir linn féin a dhéanamh chun cuidiú leis an scéal.

Tá tuilleadh eolais le fáil anseo.

Close
Close