Mí Alzheimer an Domhain - Seirbhísí Tacaíochta sa Chabhán

Tá 'Mí Alzheimer an Domhain' ar siúl i mí Mheán Fómhair agus tá obair ag dul ar aghaidh ar fud na cruinne chun feasacht a ardú faoin ghalar.

Faoi láthair, tá níos mó ná 50 milliún duine a bhfuil nealtrú orthu timpeall an domhain. 

Deis atá sa mhí feasachta seo eolas a scaipeadh faoin ghalar, tuigbheáil ar an ghalar a chothú agus tacaíocht a thabhairt dóibh siúd atá ag fulaingt leis.

Ghlac Meon Eile an deis cuairt a thabhairt ar an Chabhán, áit a gcuireann an Cumann Alzheimer áitiúil cuid mhór seirbhísí tacaíochta ar fáil dóibh siúd a bhfuil galar orthu agus dá dteaghlaigh.

Thug muid cuairt ar an 'Forget Me Not Café' agus 'Bóithrín na Smaointe', dhá áis atá in úsáid cuid mhór ag muintir na háite.

Is féidir tuilleadh eolais faoi ghalar Alzheimer a léamh anseo.

Close
Close