Tob-mhargadh na 'Belfast Babes'

Tháinig Bronagh Crothers, Claudia Maxwell agus Micheál Ó Coigligh le chéile coicís ó shin le smaoineamh a bhí acu a fhíorú - tob-mhargadh a sheoladh in iarthar Bhéal Feirste. 

Tá a gcomhlachtaí féin ag Bronagh agus Claudia ina mbíonn siad ag déanamh seodra agus eadaí. Bhí siad den tuairim go raibh easpa margaí i mBéal Feirste a bhíonn ag díol faiseán agus ealaíon den chineál sin. D'inis Bronagh gur spreag margadh atá chonaic sí i Londain í agus rinne sí comhoibriú le Micheál Ó Coigligh, úinéir Home Hub, leis an suíomh foirfe a chur le chéile don eispéireas is fearr a sholáthar.

Bhí Meon Eile i láthair ag an tob-mhargadh, áit ar labhair muid le Micheál faoin eagrú ar fad a bhí i gceist leis an mhargadh a chur le chéile agus iad faoi bhrú ama. Tháinig ann don mhargadh in am atá an tsiopadóireacht aitiúil go mór i mbéal an phobail agus daoine ag caitheamh dearbhán £100 ón rialtas.

Tá tuilleadh eolais faoin mhargadh anseo: 

https://www.instagram.com/belfastbabes.popup/

https://x.facebook.com/belfastbabes.popup/

Close
Close