Margadh an tSamhraidh ag Ionad na Fuiseoige

Le tús a chur leis an samhradh reáchtáil Ionad na Fuiseoige margadh an deireadh seachtaine seo caite le muintir na háite agus pobal na Gaeilge a thabhairt le chéile.

Is i gceantar Chill Uaighe, Béal Feirste, atá Ionad na Fuiseoige lonnaithe agus is mol tábhachtach é don phobal Gaelach sa cheantar. Bíonn ranganna teanga agus ceardlanna ceoil ann go rialta agus osclaíodh caifé úr ann fosta.

Bhí an margadh plódaithe le daoine Dé Sathairn agus gach cineál earra ar díol ann: soithí agus mugaí, pictiúirí, éadaí, bia agus go leor eile.

Labhair Meon Eile le Kieran Mac Brádaigh ó Ionad na Fuiseoige, a d’eagraigh an lá, a mhínigh go raibh an margadh mar chuid dá bpleananna níos mó daoine a mhealladh chuig an Ionad. Labhair muid fosta le Grace Ward, a bhí ag díol ciseáin a dhear sí féin, agus le Caolán Ó Coisneacháin ó Turas agus Brian Ó Gallchóir ó An Droichead a bhí ag déanamh ionadaíocht ar eagrais s'acu.

Deir Kieran go bhfuil an tIonad ag iarraidh ceithre mhargadh a reáchtáil i rith na bliana, mar sin coinnigh súil amach ar na meáin shóisialta don chéad mhargadh eile mar d'éirigh go hiontach leis an cheann seo.

Close
Close