D’eagraigh Fís an Phobail ‘Malartú Éadaí agus Bréagán Teaghlaigh’ i nGael-Ionad Mhic Goill, Béal Feirste, ar na mallaibh chun tacú le teaghlaigh áitiúla i mbéal na Nollag. Bhí seans ag teaghlaigh rudaí nach bhfuil in úsáid acu níos mó a thabhairt isteach chuig an ionad agus rudaí nua a aimsiú.
Bhí léar mór le fáil ar an lá ar nós éadaí páiste, bréagán agus leabhar. I measc na dteaghlach a thug cuairt ar an lá bhí Máire Mhic Dhomhnaill agus a páistí Rossa, Culann agus Áille. Labhair Meon Eile le Máire faoin mhalartú agus faoi na buntáistí a bhaineann leis roimh an Nollaig agus teaghlaigh ag cruthú spáis sa teach. D’inis Rossa agus Culann dúinn faoi na rudaí éagsúla a phioc siad ón rogha mhór fosta.
Dúirt Sorcha Ní Chathmhaoil, Comhordaitheoir Tacaíochta Teaghlaigh le Fís an Phobail, go raibh sé an-tábhachtach mar chuid de ról s’aici an t-imeacht seo a chur ar fáil don phobal saor in aisce agus go mbeadh siad ag obair le grúpaí eile ar nós Anaka Women’s Collective le cinntiú nach rachaidh rud ar bith amú.
Coinnigh súil ar chuntais meán sóisialta Fís an Phobail lefreastal ar an chéad mhalartú eile roimh an Nollaig.