Sheol Ardmhéara Bhéal Feirste, Arder Carson, múnla úr don obair óige Ghaeilge i Halla na Cathrach. Rinne Ollscoil Uladh taighde ar an earnáil óige i mBéal Feirste i gcomhpháirtíocht leis an ghrúpa pobail, Glór na Móna.
I bhfianaise thaighde na hOllscoile, tá Glór na Mona ag súil go ndéanfaidh an tÚdarás Oideachais breis infheistíochta san earnáil óige Ghaeilge sna Sé Chontae.
Bhí Meon Eile i láthair ag an seoladh, labhair muid le húdar na tuarascála agus na hoibrithe óige faoi dhúshláin agus treo na hoibre óige Gaeilge…