Leigheas ar MS faoi dheireadh?

Leigheas ar MS faoi dheireadh?

Tá tús curtha le feachtas bailiúcháin airgid ar mhaithe le John Coll.

Tá cónaí ar John Coll, a bhean chéile Bríd agus a dtriúr páistí i Machaire Rabhartaigh, i nGaeltacht Thír Chonaill.

Sa bhliain 2004 fuair John amach go raibh Scléaróis Iolrach (nó MS) air i ndiaidh gur thug sé faoi deara go raibh sé ag cailleadh láidreacht is lúth ina chuid cos.

Tá MS forchéimnitheach ar John mar sin níl mórán cógas ar fáil faoina choinne mar nach bhfuil leigheas ar MS, nó sin a síleadh ar aon nós…

Cúpla bliain ó shin dúradh leo faoin chóir leighis HSCT (Hematopoietic Stem Cell Transplantation).

Ó shin, tá an t-uafás taighde déanta ag John agus a bhean chéile Bríd faoin leigheas seo agus tá achan rud atá cloiste acu faoi dearfach.

Ar an drochuair níl an chóir leighis HSCT ar fáil ach amháin i gcúpla tír ar fud an domhain.

Trí mhí i ndiaidh iarratais a dhéanamh, fuair John dea-scéal ón otharlann i Meicsiceo le rá go mbeidh siad sásta tabhairt faoin obráid.

An rud mór faoi afach ná go bhfuil costas €50,000 ar an chóir leighis, agus tá go dtí mí Mhárta aige leis an airgead a bhailiú.

Roimh an Nollaig chuir John, a theaghlach agus a chairde tús le feachtas bailiúcháin airgid le cuidiú leis an chostas. Tá John agus a chlann fíor-buíoch d’achan duine as an méid atá bailithe acu go dtí seo.

Ach tá níos mó airgid le cruinniú acu go fóill.

Leigheas ar MS faoi dheireadh?

Tá suíomh gréasáin ‘Go Fund Me’, John Coll le fáil thíos, más maith libh síntiús a thabhairt.

Beidh deirfiúr chéile John, Claire Ní Chnaimhsí, ag díol ticéidí ‘Tar go Tír Chonaill’ sna sé chontae. £5 ar thicéad nó £20 ar leabhar ticeidí. Go leor duaiseanna deasa le baint. Tá ticéidí ar fáil ó:

Béal Feirste ~ Cultúrlann McAdam Ó Fiaich

Béal Feirste ~ An Droichead

Béal Feirste ~ Dónal Ó Cearnaıġ

Co. Dhoire ~ Claire Ní Chnaimhsi

Co. Dhún na nGall ~ Dónall Ó Cnáimhsí

Beidh an tarraingt sa ‘Derby Bar’, Doire, Dé Sathairn 27 Feabhra.

Close
Close