Seoladh 'Home Hub' i mBéal Feirste


An bhfuil tú ar lorg áit a dtig leat a bheith i do shuaimhneas, machnamh a dhéanamh, ranganna damhsa nó cóireálacha réicí a dhéanamh? Tá gnó nua á sheoladh ag Micheál Ó Coigligh i mBéal Feirste leis na seirbhísí sin ar fad a sholáthar agus, níos mó ná sin uilig, tá cuid de na seirbhísí sin ar fáil trí mheán na Gaeilge sa 'Home Hub'.

Tá ról lárnach ag meabharshláinte san fholláine trí chéile agus tá bealaí éagsúla ann le feabhas a chur ar do shláinte intinne féin. Caithfidh muid triail a bhaint as rudaí difriúla le fáil amach cad iad na rudaí a chuireann inár suaimhneas muid.

Labhair Micheál le Meon Eile faoi na seirbhisí a bheidh ar fáil san ionad agus faoi na pleananna atá aige agus é ag oscailt an ghnó seo le linn phandéim COVID-19...

Close
Close