Lá Teaghlaigh le Glór na Móna

Le trí shamhradh anuas, tá scéim samhraidh do theaghlaigh á reáchtáil ag Glór na Móna in Iarthar Bhéal Feirste ina nglacann teaghlaigh páirt in imeachtaí agus turais éagsúla. Ag deireadh na seachtaine tugann siad cuireadh do na teaghlaigh ar fad teacht chuig an ionad le sult a bhaint as ceol, bia agus cluichí.

Thug Meon Eile cuairt ar an chóisir, áit ar labhair muid le Sorcha Ní Chathmhaoil, duine den lucht eagraithe ó Ghlór na Móna.

Close
Close