Lá Oscailte Eolais ‘Croí na Carraige’ le Glór na Móna

Bhailigh daoine le chéile i nGlór na Móna, iarthar Bhéal Feirste, ar na mallaibh chun seoladh pleanála ‘Croí na Carraige’ a cheiliúradh.

Is mol nua pobail é ‘Croí na Carraige’ atá beartaithe ag Glór na Móna agus é i gceist acu go mbeidh sé ina chroí-ionad don cheantar áitiúil agus don chumann óige atá ag fás go treán bliain i ndiaidh bliana. I rith an tseolta, cuireadh i láthair léargais ar an tionscadal, a bhfuil ag éirí go maith leis faoi láthair.

Labhair Meon Eile leis an Dr. Órla Nig Oirc atá ina hOifeagach Forbartha Gnó le Glór na Móna, agus leis an Dr Feargal Mac Ionnrachtaigh atá ina Stiúrthóir ar an togra, faoin difear a dhéanfaidh an lárionad nua seo don phobal agus do na seirbhisí áitiúla Gaeilge nuair atá sé tógtha acu.

Close
Close