'Lá Nollag' i gCultúrlann McAdam Ó Fiaich

Achan bhliain cuireann baill foirne Chultúrlann McAdam Ó Fiaich 'Lá Nollag' ar siúl do mhuintir na háite, agus bhí áthas ar chách go raibh siad in ann é a dhéanamh arís i ndiaidh shos na bliana seo caite a bhuí le sriantaí an choróinvíris.

I measc na n-imeachtaí i mbliana sheol An tSnáthaid Mhór 'Daidí na Nollag', leabhar nua le Áine Ní Ghlinn agus Andrew Whitson. Chuir siad seó den scoth ar siúl le ceol agus dánta agus thug Daidí na Nollag féin cuairt ar an ionad le ham a chaitheamh leis na páistí fosta.

Chomh maith leis sin, las an laoch óg Dáithí Mac Gabhann, agus Daidí na Nollag, na soilse ar Bhóthar na bhFál.

Tá blaiseadh den lá le fáil san fhísean thuas.

Close
Close