Lá Náisiúnta an Tinnis Fiacaile

Is é Lá Naisiúnta an Tinnis Fiacaile atá ann inniu agus leis an lá 'a cheiliúradh' bhuail Meon Eile síos chuig Gentle Dental Care ar Bhóthar Lios na gCearrbhach i mBéal Feirste. Labhair muid leis an fhiaclóir John-Joe Hartigan a thug cur síos ar an obair an-dúshlánach a bhí acu le bliain anuas. 

Is rud an-tábhachtach é an tsláinte béil agus sláinte na bhfiacla ach is iomaí duine nach raibh in ann dul chuig an fhiaclóir de bharr na dianghlasála. Dúirt John-Joe go bhfuil an liosta othar ag éirí níos faide gach lá agus go bhfuil seans ann go nglacfaidh sé níos mó ná bliain leis an riaráiste a shocradh.

Thaispeáin John-Joe dúinn na cultacha cosanta speisialta is gá do na fiaclóirí uilig a chaitheamh agus phléigh sé na contúirtí is mó a bhaineann leis an phost i rith na paindéime, mar sin le moltaí do dhuine ar bith a bhfuil fadhb acu lena chuid fiacla.

Tá eolas faoi shláinte na bhfiacla le fáil anseo agus tá níos mó eolais ar Gentle Dental Care le fáil anseo.

Close
Close