Lá Mór na nÉan 2021

Tá an RSPB ag iarraidh ar dhaoine uair an chloig a chaitheamh sa ghairdín ag deireadh na seachtaine seo agus cuntas a dhéanamh ar gach éan a fheiceann siad. Thosaigh 'The Big Garden Birdwatchsa bhliain 1979 agus tá sé anois ar an suirbhé fiabheatha is mó ar domhan. Tugann an suirbhé léargas don RSPB ar líon na n-éan atá thart agus má tá cuid ar bith acu ag streachailt.  

Tá an druid, gealbhan binne, lon dubh agus an spideog ar chuid de na héin is coitianta sa ghairdín ach is minic a bhíonn réimse leathan le feiceáil má chuirtear bia agus uisce ar fáil dóibh.  

Labhair Meon Eile le Corey Hanna agus Joe Mag Fhionnghaile faoin tsuim atá acu beirt sna héin agus le foghlaim faoi na dóigheanna ar féidir treibh na n-eiteog a mhealladh chuig an ghairdín.

Beidh an suirbhé ar siúl 29-31 Eanáir. Is féidir clárú agus tuilleadh eolais a fháil anseo.

Close
Close