Inniu Lá Domhanda an Raidió

Is é inniu, an 13 Feabhra, an lá a dhéantar ceiliúradh ar mheán an raidió ar fud an domhain.

Is in 2012 a thosaigh an Lá Domhanda an Raidió sa Spáinn agus anois, le cuidiú UNESCO, tá na himeachtaí ceiliúrtha ag fás leo gach bliain.

Chuaigh Meon Eile chuig Raidió Fáilte le bualadh le craoltóirí an stáisiúin pobail agus leis an fhoirgneamh nua a fheiceáil. 

Labhair muid le Fergus Ó hÍr, bainisteoir an stáisiúin, faoin fhás atá i ndiaidh theacht ar Raidió Fáilte le tamall de bhlianta anuas, agus le hEdel Ní Churraoin agus le Ciarán Mag Uidhir faoin obair a dhéanann siad féin ó lá go lá.

Bígí ag éisteacht le raidió áitiúil - i mBéal Feirste tá Raidió Fáilte le fáil ar 107.1FM.

Close
Close